Seirbhísí Iniúchóireachta Inmheánaí trí mheán na Gaeilge
Details
- Published
- 3 October 2019
- Submission
- 18 November 2019
- Source
- Ireland
Tender description
Seirbhísí Iniúchóireachta Inmheánaí trí mheán na Gaeilge Tá Tairiscintí le haghaidh soláthar Seirbhísí Iniúchóireachta Inmheánaí trí mheán na Gaeilge á lorg ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Mairfidh an conradh ar feadh bliain amháin agus tá rogha ann chun é a shíneadh ar feadh dhá bhliain sa bhreis. Riachtanais agus Sonraíochtaí Tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ag féachaint le soláthraí seirbhísí cuí a fhostú chun réimse cuimsitheach seirbhísí Iniúchóireachta Inmheánaí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, ag tosú ar an 3 Feabhra 2020. Cinnfear scóip na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta inmheánaí le cuidiú uirlisí measúnaithe riosca oiriúnacha, rud a chinnteoidh go gclúdófar rioscaí agus neamhchosaint, agus go dtabharfar riachtanais fhoireann bhainistíochta, Choiste Iniúchóireachta agus Bhord COGG san áireamh. Deimhneoidh an soláthraí seirbhísí iniúchóireachta inmheánaí go bhfuil na próisis atá i bhfeidhm chun oibríochtaí a stiúradh, mar atá siad deartha agus léirithe ag an mbainistíocht, leordhóthanach agus ag obair i gceart lena chinntiú: a) go bhfuil acmhainní á gcosaint go cuí; b) go bhfuil cruinneas agus iontaofacht ag baint le heolas tábhachtach airgeadais, bainistíochta agus oibriúcháin; c) go bhfuil caighdeán barr feabhais á chleachtadh ag bainistíocht COGG, agus d) go gcomhlíonann gníomhartha fhostaithe COGG na bunchuspóirí, mar aon le léiriú cuimsitheach eitice i dtaca le dea-chleachtais, bearta, caighdeáin, agus nósanna imeachta, chomh maith leis na dlíthe agus rialacháin bhainteacha. Mar chuid den tionscadal seo, beidh saintionscadail eile ag teastáil maidir le príomhréimsí atá cuimsithe i bPlean Iniúchóireachta Inmheánaí trí blíana COGG, mar atá leagtha amach thíos: 2. TÉARMAÍ TAGARTHA Aidhm: Dearbhú a chur ar fáil don Phríomhfheidhmeannach maidir le dóthanacht aon chóras srianta inmheánaigh atá i bhfeidhm ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus na
Timeline
- Completed: Tender published3 October 2019Current notice
- Completed: Submission date18 November 2019
About the buyer
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaiochta is a public sector buyer in Ireland publishing tenders and awards on Stotles. Explore their procurement activity and find more opportunities like this one.
Decision makers
Connect with the people behind this procurement.
| Contact name | Job title | Phone number | Work email |
|---|---|---|---|
| Head of Procurement | +44 •••• •••••• | ••••••••@an-chomhairle-um-oideachas-gaeltachta-agus-gaelscolaiochta.gov | |
| Commercial Director | +44 •••• •••••• | ••••••••@an-chomhairle-um-oideachas-gaeltachta-agus-gaelscolaiochta.gov | |
| Procurement Manager | +44 •••• •••••• | ••••••••@an-chomhairle-um-oideachas-gaeltachta-agus-gaelscolaiochta.gov | |
| Category Lead | +44 •••• •••••• | ••••••••@an-chomhairle-um-oideachas-gaeltachta-agus-gaelscolaiochta.gov | |
| Senior Buyer | +44 •••• •••••• | ••••••••@an-chomhairle-um-oideachas-gaeltachta-agus-gaelscolaiochta.gov | |
| Contracts Manager | +44 •••• •••••• | ••••••••@an-chomhairle-um-oideachas-gaeltachta-agus-gaelscolaiochta.gov |
Win more public sector contracts
Track every UK and Ireland tender in one place — set up alerts, find decision-makers, and never miss an opportunity.
